Comhrá a haon
- Siobhán:
- Haigh, a Thiarnáin. Fuair mé an ríomhphost uait.
- Tiarnán:
- Ó go hiontach, a Shiobháin. Ar oscail tú an ceangaltán a bhí leis?
- Siobhán:
- D’oscail cinnte. Pictiúr gleoite é do lon dubh.
- Tiarnán:
- Mé féin a thóg é le mo iPhone.
- Siobhán:
- Ba chóir duit é a chuir isteach ar chomórtas grianghrafadóireachta na scoile.
SOS
- Tiarnán:
- Cuirfidh mé. Cad atá ar siúl agat féin?
- Siobhán:
- Táim ag obair sa gháirdín, creid é nó ná creid!
- Tiarnán:
- Glasraí nó bláthanna?
- Siobhán:
- Glasraí sa chúlgháirdín.
- Tiarnán:
- Nach tusa a mhol gáirdín glasraí a dhéanamh sa scoil?
- Siobhán:
- Is mé, ach bhí a fhios agam go raibh spéis mhór ag Bean Uí Chinnéide sa gharraíodóireacht.
- Tiarnán:
- Tá an‐chreidiúnt ag dul duitse mar sin féin.
|