Comhrá a haon
- Méabh:
- An í sin Áine? Méabh Ní Liatháin anseo.
- Áine:
- Haigh, a Mhéabh. Chuir mé téacs chugat uair a' chloig ó shin.
- Méabh:
- Brón orm a Áine, ach bhí mé gafa leis an agallamh.
- Áine:
- Cén t-agallamh, a Mhéabh?
- Méabh:
- Agallamh i gcomhair post samhraidh san ollmhargadh áitiúil.
- Áine:
- Agus conas a d'éirigh leat, a Mhéabh.
- Méabh:
- Fuair mé an post. Tosóidh mé i gceann coicíse. Cad fút féin, a Áine?
- Áine:
- Tá árasán againn in Cannes na Fraince agus beimid ag dul ansin, a Mhéabh.
- Méabh:
- Le haghaidh fhéile na scannán is dócha, a Áine?
- Áine:
- Ní dóigh liom é, a Mhéabh.
- Méabh:
- Ligimid an t-árasán ar cíos le linn na féile.
|