Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid A.
An chéad chainteoirCén chaoi a bhfuil sibh? Is mise Nuala Ní Fhlatharta as Ros Muc, Conamara, Contae na Gaillimhe. Táim ag freastal ar Scoil an Phiarsaigh. Taitníonn an Ghaeilge agus an Mhaitimaitic thar cionn liom ach ná lua an Eacnamaíocht Bhaile liom. Ní maith liom Eacnamaíocht Bhaile mar táim go dona ag an gcócaireacht. Deir Mam nach féidir liom ubh, fiú, a bheiriú i gceart. |
An dara cainteoirGoidé mar atá sibh? Aindréas Ó Colla is ainm dom. Rugadh i bPáras mé. Is múinteoirí ealaíne sa phobalscoil áitiúil iad mo thuismitheoirí. Chaith m'athair fiche bliain ag obair i bPáras. Sin an áit ar chas sé ar mo mham. Bhí mé seacht mbliana d'aois nuair a tháinig mé go hÉirinn. |
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid B.
FógraTá iris Ghaeilge idirlín nua ar fáil anois ar an ngréasán ag www.nosmag.com. 'Nós' an t-ainm atá ar an iris nua. Cosnaíonn síntúis bliana €40. Bíonn rogha leathan ábhair agus topaicí le fáil san iris: cúrsaí ceoil, cúrsaí taistil, cúrsaí scannáin agus cúrsaí faisin. Ceannaigh síntús bliana duit féin inniu. |
Píosa nuachtaBeidh Seachtain na Gaeilge ar siúl in Montana i mbliana. Tá pobal láidir Éireannach ina gcónaí ann. Tugann Seachtain na Gaeilge deis dóibh bualadh le chéile. Bíonn béim ar an teanga, ar an gceol traidisiúnta, ar an drámaíocht agus ar litríocht na hÉireann. Beidh an píobaire cáiliúil Eoin Duignan i láthair ag an bhféile i mbliana. |
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid C.
Comhrá a haon
|
Comhrá a dó
|