Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid A.
An chéad chainteoirIs mise Cáit Ní Riain. Táim i mo chónaí sa Daingean i gContae Chiarraí. Bhí mo mháthair ag obair in óstán ach chaill sí a post anuraidh. Marcaíocht chapall an caitheamh aimsire is fearr liom. Tá capall bán agam. Sneachta is ainm dó. Ba mhaith liom dul isteach san airm amach anseo. |
An dara cainteoirCén chaoi a bhfuil sibh? Seán Ó Conaire anseo. Rugadh mé in Uachtar Ard, Co. na Gaillimhe. Tá mé ag freastal ar scoil chónaithe. Imrím sacar le Gaillimh Aontaithe. Bhí cúpla triail agam i Sasana sa samhradh. Shínigh mé conradh bliana le Leeds United an tseachtain seo caite. Tá súil agam go n-éireoidh liom ann. Is é Kevin Doyle an t-imreoir sacair is fearr liom. |
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid B.
FógraBeidh Fleá Ceoil na hÉireann ar siúl i mbaile mór an Chabháin i mbliana. Beidh sé ar siúl i mí Lúnasa. Tá traidisiún fada ceoil agus amhránaíochta sa cheantar. Tá gach eolas faoin bhFleá le fáil ag www.fleadh2011.ie. |
Píosa nuachtaBhí an t-óstán Knockranny House i gCathair na Mart sa nuacht le déanaí. Bhuaigh sé an chéad duais i gComórtas Bialanna na hÉireann. Bronnadh an trófaí ag ócáid speisialta in Óstán an Bhurlington i mBaile Átha Cliath. Bhí seacht gcéad duine i láthair ag an ócáid. |
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid C.
Comhrá a haon
|
Comhrá a dó
|