Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid A.
An chéad chainteoirGoidé mar atá sibh, a chairde? Treasa Ní Ruairc ag caint libh. Is as Contae Liatroime mé. Tá mé san ospidéal mar bhí timpiste bheag agam. Chuir mé mo ghlúin as alt nuair a bhí mé ag imirt peile don scoil. Tá díomá orm mar ní bheidh mé in ann peil a imirt go ceann míosa ar a laghad. |
An dara cainteoirDia dhaoibh. Is mise Traolach Ó Súilleabháin. Rugadh mé i gCorcaigh, ach tá cónaí orm anois i mBaile Átha Cliath. Is tiománaí tacsaí í mo mháthair agus tá m'athair ag obair i Londain. Beidh mé ag dul go dtí Cluichí Oilimpeacha 2012 an samhradh seo mar cheannaigh m'athair ticéad dom. Is maith liom ceol agus 'sí Adele an t-amhránaí is fearr liom. |
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid B.
FógraSeo í réamhaisnéis na haimsire. Glanfaidh an bhaisteach atá go forleathan anois i ndeisceart na tíre. Beidh an tráthnóna grianmhar ar fud na tíre. Idir naoi gcéim déag Celsius agus trí chéim is fiche Celsius a bheidh an teocht anocht. |
Píosa nuachtaA mhúinteoirí agus a dhaltaí, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Stiofán Ó Siochrú. Bhuaigh Stiofán an cheád duais mar Eolaí Óg na Bliana san RDS inné. Is cúis onóra í sin don scoil. Tá gach éinne sa scoil fíor-bhródúil asat, a Stiofáin. |
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid C.
Comhrá a haon
|
Comhrá a dó
|