Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid A.
An chéad chainteoirBail ó Dhia oraibh. Is mise Micheál Ó Cinnéide. Tá cónaí orm i gCathair Luimnigh. Tá mé cúig bliana déag d'aois. Imrím rugbaí agus iománaíocht. Beidh sé deacair orm rogha a dhéanamh idir an dá spórt amach anseo ach rachaidh mé le rugbaí is dócha, má bhíonn cúpla euro le déanamh as. Ba mhaith liom bheith i mo dhochtúir nuair a fhásfaidh mé suas. Is dlíodóirí iad mo thuismitheoirí. |
An dara cainteoirGoidé mar atá sibh? Aisling Kovac ag labhairt libh. Tá mé i mo chónaí i nGaoth Dobhair i gContae Dhún na nGall. Is as an Bhoisnia do mo thuismitheoirí ach tháinig siad go hÉirinn go bhliain 1989 agus rugadh mise anseo an bhliain ina dhiaidh sin. Is é an caitheamh aimsire is fearr liom ná bheith ag amharc ar na sobalchláir ar an teilifís. Bhí páirt bheag agam féin i 'Ros na Rún' i mí Eanáir seo caite. |
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid B.
FógraBeidh díolachán earraí ar siúl i gcearnóg an bhaile mhór Dé Domhnaigh seo chugainn. Cuirfear an tairgead a dhéanfar sa chiste tógála don halla spóirt nua. Ní mór gach rud a bheith réidh tráthnóna Dé Sathairn. Táthar ag súil leis go mbeidh na teachtaí dála áitiúla i láthair ar an Domhnach. Chomh maith leis an díolachán earraí beidh aisteoirí ó Macnas ann chun seó sráide a chuir ar fáil. Bígí ann gan teip. Cabhraigí linn chun cabhrú libh! |
Píosa nuachtaTá teach mór le ligint ar cíos ag Síle Bean Uí Chathasaigh i gCionn tSáile i gContae Chorcaí. Tá sé suite leath mhíle ón trá. Má tá breis eolais uait faoi, glaoigh ar 021 83142 i ndiaidh a sé aon tráthnóna. |
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid C.
Comhrá a haon
|
Comhrá a dó
|