Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid A.
An chéad chainteoirDia daoibh. Eibhlín Seoige is ainm dom. Rugadh mé i mBostún ach d'fhág mé nuair a bhí mé dhá bhliain d'aois. Tá mé i mo chónaí i mBéal an Átha i gContae Mhaigh Eo. Is as Inis Meáin do m'athair agus is Meiriceánach í mo mháthair. Ní maith liom bheith ar scoil ar chor ar bith. D'fhágfainn í ar maidin ach ní thabharfadh mo thuismitheoirí cead dom é sin a dhéanamh. |
An dara cainteoirGoidé mar atá sibh? Shane Mac Griana is ainm dom. Tá mé i mo chónaí i dTír an Iúir i mBaile Átha Cliath. Caithim dhá mhí gach samhradh sa Ghaeltacht i dTír Chonaill mar cónaíonn mo sheanathair i Rann na Feirste. Taitníonn an ceol go mór liom. Seinnim an giotár agus canaim amhráin fosta. Déanfaidh mé an idirbhliain an bhliain seo chugainn agus beidh dóthain ama agam ansin chun a bheith ag cleachtadh le banna ceoil na scoile. |
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid B.
FógraTá príomhoide ag labhairt libh anseo. Tá cúpla fógra spóirt agam daoibh. I dtús báire, comhghairdeas le foireann sacair na scoile faoi-16 a bhuaigh an cluiche ceannais i gCeatharlach inné. Fuair Máirtín Ó Drisceoil trí chúl sa chluiche agus tá an duais don imreoir is fearr sa chluiche ag dul dó. Comhghairdeas freisin le Treasa Ní Dhughda agus Sabrina Ní Ruairc a bhuaigh an comórtas gailf i mBinn Éadair ar an gCéadaoin. Go raibh maith agaibh. |
Píosa nuachtaCuireadh tús le comórtas Esat Eolaí Óg na Bliana san RDS an tseachtain seo. I mbliana cuireadh aon cheann déag de thionscnaimh as Gaeilge isteach ar an gcomórtas. Tá brú mór ann anois daoine óga a mhealladh i dtreo na heolaíochta mar níl go leor daltaí ag déanamh na n-ábhar eolaíochta ar scoil. Chuir níos mó cailíní isteach ar an gcomórtas i mbliana. Críochnóidh an comórtas ar a hocht a chlog tráthnóna Dé Satharn. |
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid C.
Comhrá a haon
|
Comhrá a dó
|