Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid A.
An chéad chainteoirIs mise Áine Ní Mhurchú as Inis Córthaidh i gContae Loch Garman. Is múinteoir í mo mháthair agus is feirmeoir déiríochta é m'athair. Bím ag obair le m'athair ag an deireadh seachtaine ach is gráin liom obair na feirme. Is breá liom dul chuig cluichí peile agus iomána nuair a bhíonn Loch Garman ag imirt. |
An dara cainteoirSeán Ó Mainnín anseo in Indreabhán, Contae na Gaillimhe. Rugadh mo mháthair in Inis Mór ach tháinig sí anseo nuair a phós sí m'athair. Iascaire é m'athair agus téim amach ag iascaireacht leis ina thrálaer uaireanta. Labhraimid Gaeilge i gcónaí sa bhaile agus is maith linn an amhránaíocht ar an sean-nós. Tá súil agam a bheith i mo mhúinteoir Gaeilge 's ceoil amach anseo. |
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid B.
FógraTá bád canála ar díol i gCeatharlach. Tá droch-bhaill ar an mbád anois agus cosnóidh sé timpeall €60,000 í a dheisiú. Tá spéis ag Comhairle Bhaile Cheatharlach í a cheannach agus músaem nó bialann chanála a dhéanamh asti. |
Píosa nuachtaFógraíodh ar maidin go dtógfar Iarbhunscoil Eoin i nDroichead Átha, Contae Lú. Scoil chomhoideachais le haghaidh míle dalta a bhéas ann. Beidh áiseanna nua-aimseartha sa scoil nua agus raon leathan ábhar. |
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid C.
Comhrá a haon
|
Comhrá a dó
|