Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid A.
Fógra a haonSeo fógra ó Raidió Fáilte. Cuirfear tús le clár nua ar Raidió Fáilte ar an dara lá déag de Bhealtaine. 'An Seomra Ceoil' an t-ainm a bhéas ar an gclár nua. Beidh an clár nua ar siúl ar leath uair tar éis a seacht tráthnóna Dé hAoine. Clár popcheoil do dhéagóirí a bhéas ann. Ar an gclár, cloisfear na hamhráin is deireanaí ó na cairteacha. Chomh maith leis sin, beidh plé ar na réaltaí móra popcheoil agus ar na féilte ceoil timpeall na tíre. Beidh comórtas seachtainiúil ar an gclár freisin. Éisteoir ar bith a sheolann téacs isteach leis an bhfreagra ceart, beidh seans aige duais a bhuachan. Ar na duaiseanna a bhronnfar gach seachtain beidh ticéid chuig ceolchoirmeacha agus t-léinte. Bígí ag éisteacht linn! |
Fógra a dóSeo fógra ó Oideas Gael. Cuirfidh Oideas Gael cúrsa Gaeilge agus cultúir ar siúl do dhaoine fásta an samhradh seo. Mairfidh an cúrsa seo seachtain. Is i nGleann Cholm Cille, Contae Dhún na nGall a bheidh an cúrsa ar siúl. Tosóidh an cúrsa ar an gcúigiú lá is fiche de Lúnasa. Ar maidin beidh ranganna ar siúl i labhairt agus i scríobh na Gaeilge. Beidh raon leathan imeachtaí ar siúl i ndiaidh na ranganna: péintéireacht, amhránaíocht, léamh filíochta agus siúlóidí ar an sliabh, mar shampla. Dhá chéad daichead euro an costas a bheidh air. Tá gach eolas faoin gcúrsa seo le fáil ó Oideas Gael ag an uimhir 074 930285. |
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid B.
Comhrá a haon
|
Comhrá a dó
|
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid C.
Píosa a haonBeidh Éirí Amach na Cásca i 1916 á chomóradh an bhliain seo chugainn. Beidh cuid de na himeachtaí ar siúl ag Teach an Phiarsaigh i Ros Muc i gConamara. Chaitheadh Pádraig Mac Piarais an samhradh ansin sna blianta díreach roimh an Éirí Amach. Agus é ar saoire i gConamara bhíodh sé ag scríobh, ag cur feabhais ar a chuid Gaeilge agus ag pleanáil don Éirí Amach. Bíonn an teach ar oscailt do chuairteoirí óna deich a chlog ar maidin go dtí a sé a chlog tráthnóna gach lá i rith an tsamhraidh. Tá sé i gceist ag an rialtas ionad oidhreachta a thógáil taobh leis an teach in am don chomóradh. |
Píosa a dóTa seirbhís nuachta trí Ghaeilge le fáil ar líne anois. Tuairisc.ie an t-ainm atá ar an tseirbhís idirlín seo. Cuireadh tús léi i mí Dheireadh Fómhair seo caite. Is nuachtán ar líne é Tuairisc.ie. Tá an tseirbhís seo ag freastal ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta in Éirinn agus ar chainteoirí Gaeilge thar lear. Tá scéalta de gach saghas le fáil ar an tseirbhís seo: cúrsaí reatha, spórt, cultúr agus oideachas, mar shampla. Tá oifigí Tuairisc.ie suite i mBearna, Contae na Gaillimhe mar tá córas ardluais leathanbhanda ar fáil ann. Céim eile chun tosaigh atá sa tseirbhís seo a chuireann an Ghaeilge chun cinn ar na meáin nua-aoiseacha. |