Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid A.
Fógra a haonSeo fógra ón eagraíocht Conradh na Gaeilge.A mhúinteoirí, beidh lá speisialta do scoláirí dara leibhéal ar siúl ar an gcúigiú lá déag de mhí na Samhna. Gaeilge 24 an t-ainm a bheidh ar an lá speisialta seo. Is é is aidhm leis an lá seo ná scolairí dara leibhéal a bheith ag labhairt as Gaeilge amháin ar feadh ceithre huaire fichid. Má tá suim agaibh bhur gcuid scolairí a chlárú don dúshlán seo, is féidir gach eolas a fháil ó oifig Chonradh na Gaeilge ag an uimhir 01-476408. Beidh táille deich euro le híoc ag gach scoláire a ghlacfaidh páirt sa dúshlán seo. Bainfidh Conradh na Gaeilge úsaid as an airgead a bhaileofar chun imeachtaí cultúrtha a eagrú ar fud na tíre. Gheobhaidh gach scoláire a ghlacfaidh páirt sa lá speisialta seo t-léine. Déanaigí deifir, a mhúinteoirí, is é an Luan seo chugainn an lá deireanach le scoláirí a chlárú don dúshlán seo. |
Fógra a dóSeo fógra ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, do scoláirí sa séú bliain. Ar mhaith libh a bheith ag obair i dtionscal na meán cumarsáide. Tá cúrsa céime againn daoibh: céim sa Chumarsáid agus sa Ghaeilge. Mairfidh an cúrsa seo ceithre bliana. Beidh sé ar siúl in Acadamh na hOllscolaíochta ar an gCeathrú Rua. Múinfear scileanna craoltóireachta agus iriseoireachta i rith an chúrsa. Sa tríú bliain, beidh deis agaibh dhul i mbun taithí oibre sna meáin Ghaeilge ag obair le TG4 nó le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Fiche áit atá ar fáil ar an gcúrsa. |
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid B.
Comhrá a haon
|
Comhrá a dó
|
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid C.
Píosa a haonCheadaigh Aire Stáit na Gaeltachta deontas airgid don ghrúpa "An Crann Óg" as Gaeltacht Dhún na nGall. Ceoltóirí agus amhránaithe as paróiste Ghaoth Dobhair iad atá ag cur beocht nua i gceol traidisiúnta na háite. Sa bhliain 2007, chuir an comharchumann áitiúil campa samhraidh ar siúl do dhaoine óga chún eolas a thabhairt daofa ar cheol agus ar amhráin na háite. D'fhás an grúpa An Crann Óg as an gcampa sin. Bhí an grúpa ceoil seo gnóthach sa bhliain 2015. I samhradh na bliana sin, rinneadh físeán ag cur síos ar a gcuid ceoil. Ansin, ag Oireachtas na Samhna i mBaile Átha Cliath, sheol an grúpa dlúthdhiosca nua. |
Píosa a dóFuair Mícheál Ó Cearna bás i mí Lúnasa seo caite. Rugadh ar an mBlascaod Mór é sa bhliain míle naoi gcéad fiche. D'fhág sé an Blascaod Mór agus é ina fhear óg. Tar éis tamaill i mBaile Átha Cliath, bhog sé go Springfield Massachusetts, áit ar chaith sé an chuid eile dá shaol, Moladh Mícheál go mór nuair a fuair sé bás mar níor thug sé a chúl riamh lena chultúr ná lena mhuintir féin. Bhí páirt mhór aige san fheachtas chun an tionad cuairteoirí Ionad an Bhlascaoid Mhóir a oscailt i nDún Chaoin. Tá cur síos ar stair, ar thraidisiúin agus ar litríocht na n-oileánach le feiceáil sna taispeántais san ionad seo. Chomh maith leis sin, bhí baint mhór ag Mícheál le cúrsaí cultúir i Springfield. Bhíodh sé ag múineadh ranganna Gaeilge ann. |