Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid A.
Fógra a haonCuirfear fáilte roimh iarratais ar phost mar phríomhoide ar Scoil na mBráithre i mBaile na Lorgan, Contae Mhuineacháin. Scoil mheasctha dara leibhéal í an scoil seo agus tá trí chéad caoga cúig dalta ag freastal uirthi i láthair na huaire. Ní mór do iarrthóirí cúig bliana de thaithí mhúinteoireachta a bheith acu, chomh maith le scileanna maithe ríomhaireachta agus cumas ceannaireachta agus pleanála. Tá an fhoirm iarratais agus sonraí breise le fáil ón gcathaoirleach, an bord bainistíochta, Scoil na mBráithre, Baile na Lorgan. Is é an fichiú Iúil an dáta deireanach le haghaidh na n-iarratas. |
Fógra a dóDéardaoin seo caite rinneadh ceiliúradh speisialta ar Lá Eorpach na dTeangacha i Músaem Bhaile an Fheirtéaraigh i nGaeltacht Chiarraí. Eagraíodh an ócáid chun léiriú a dhéanamh ar an líon mór teangacha atá á labhairt sa cheantar. Ba é craoltóir Raidió na Gaeltachta agus an t-iarpheileadóir cáiliúil, Dara Ó Cinnéide, a chuir tús leis na himeachtaí. I rith na hócáide léigh daltaí ó bhunscoileanna Chorca Dhuibhne giota as leabhar 'Harry Potter' i gcúig theanga éagsúla. Ina dhiaidh sin, thug páistí áitiúla taispeántas ar cheol agus ar chultúr na Spáinne mar tá ceangal láidir idir Chorca Dhuibhne agus an Spáinn. Léadh giotaí as leagan Iodáilise den leabhar cáiliúil 'An t-Oileánach' freisin. |
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid B.
Comhrá a haon
|
Comhrá a dó
|
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid C.
Píosa a haonSeoladh an leabhar 'The Waves of Tory' leis an údar Jim Hunter in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, Dé hAoine seo caite. Is léachtóir in Ollscoil Uladh é Jim Hunter agus tá caoga bliain caite aige ag triall ar Thoraí, ag bailiú eolais faoi shaol agus faoi chultúr an oileáin. Filleann an t-údar ar Thoraí gach samhradh mar is daoine galánta, oscailte, cairdiúla iad na hoileánaigh, dar leis. Cnuasach aistí ar thraidisiún agus ar nósanna Thoraí atá sa leabhar seo. |
Píosa a dóTá Comharchumann Inis Meáin ag déanamh tairiscintí do theaghlaigh ar spéis leo aistriú ón mórthír agus cónaí go buan ar an oileán. Is é an Comharchumann é féin atá ag maoiniú an tionscnaimh agus is í an aidhm atá leis daonra an oileáin a mhéadú. Tá an feachtas dírithe ar theaghlaigh óga agus cuirfear tithe nua trí-sheomra ar fáil dóibh ar chíos an-íseal. Cuireann an tairiscint béim ar na deiseanna a bheidh ag na teaghlaigh Gaeilge a labhairt go laethúil agus freisin ar na háiseanna oibre agus spóirt atá ar fáil ar an oileán. Beidh daoine ábalta obair ón mbaile mar tá an córas leathanbhanda ar fáil ar Inis Meáin. Má tá spéis agat san fhógra seo, glaoigh ar oifigí an Chomharchumainn ag 09840267. |