Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid A.
Fógra a haonSeo fógra ó Chumann Ailse na hÉireann. Beidh siúlóid urraithe á reáchtáil ag Cumann Ailse na hÉireann i lár na míosa seo, ar an séú lá déag de Mheitheamh 2010. Beidh oíche eolais faoin tsiúlóid ann anocht i bPáirc de Bharóid, Lios Póil ag tosnú ar a sé a chlog. Is é Micheál Ó Muircheartaigh, an tráchtaire spóirt, an gaeilgeoir agus an Ciarraíoch cáiliúil, a chuirfidh tús leis an oíche eolais. Ar Chnoc Bhréanainn i gCo. Chiarraí a bheidh an tsiúlóid féin agus is é Jackie Ó Muircheartaigh a bheidh ina threoraí. Le bheith páirteach sa tsiúlóid ní mór do dhuine €50 d'urraíocht a bhailiú roimh ré. Scaipfear na cártaí urraíochta anocht. |
Fógra a dóNuacht an iarthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta: Seo fógra a bhaineann le ceantar Ros Muc i gConamara. Beidh searmanas cuimhneacháin in ómós don fhile Caitlín Maude ar siúl i dTigh Clarke i Ros Muc go luath. Beidh an teacht le chéile seo ar siúl Dé Domhnaigh an séú lá de Lúnasa ag tosú ar a dó a chlog. Beidh an t-amhránaí sean- nóis Micheál Ó Cuaig ina fhear an tí. Cuireadh aithne i dtosach ar Chaitlín mar amhránaí ar an sean-nós ach bhain sí cáil amach ina dhiaidh sin mar aisteoir agus mar fhile. Eiseoidh Gael Linn dlúthdhiosca dá cuid amhráin ar an lá, amhráin nach raibh fáil orthu le tamall. Beidh ceol agus amhráin ann an tráthnóna sin mar chuid den ócáid chuimhneacháin. Tá tuilleadh eolais le fáil ag www.damhsoir.ie nó ó Eibhlín ag 087 27292989. |
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid B.
Comhrá a haon
|
Comhrá a dó
|
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid C.
Píosa a haonOsclaíodh siopa nua d'earraí de dhéantús Ghaeltacht Chonamara i gcathair na Gaillimhe le déanaí. Is é 'Pagan' ainm an tsiopa atá suite i Sráid an Chonairigh i gceartlár na cathrach. Bhí tóir ar leith ag daoine óga ar na t-léinte a bhfuil manaí Gaeilge orthu a bhí ar díol sa siopa. Cuireadh an-suim sa raon leathan stíleanna agus dathanna atá ar na t-léinte. Bhí an-éileamh ag na mná ar na hearraí cniotáilte agus ar na seodra a dhéantar i nGaeltacht Chonamara. Tá ceathrar ag obair sa siopa faoi láthair agus tá sé beartaithe suíomh gréasáin a chur ar bun go luath le hearraí a dhíol. |
Píosa a dóSa bhliain 2000 cuireadh scéim scoláireachtaí cónaithe ar bun do mhic léinn Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Roghnaíodh na mic léinn don scéim sin as a gcuid scileanna cumarsáide agus cinnireachta. Faoin scéim bhí lóistín saor in aisce ar fáil ag na mic léinn ar an gcampas, chomh maith le lacáiste ar bhia sa bhialann. Bhí sé mar dhualgas ar na mic léinn a roghnaíodh imeachtaí seach-churaclaim trí Ghaeilge a chur ar siúl sa choláiste chomh maith le Seachtain na Gaeilge a eagrú. Léiríonn píosa eolais amháin a foilsíodh le déanaí an fás atá faoin scéim: bronnadh ceithre scoláireacht ar mhic léinn sa bhliain 2000, ach bronnfar ceithre scoláireacht is fiche i mbliana. |