Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid A.
Fógra a haonSeo fógra ón eagraíocht Gaelscoileanna. Cuirfidh Gaelscoileanna an comórtas 'Scléip' ar siúl i mí Aibreáin. Is comórtas náisiúnta tallainne é. Tá 'Scléip' dírithe ar dhaltaí atá ag freastal ar scoileanna dara leibhéal lán- Ghaeilge, nó ar scoileanna dara leibhéal Gaeltachta. Beidh sé rannóg sa chomórtas: ceol, amhránaíocht, rince, mím, scéalaíocht agus drámaíocht. Fiche euro an táille iontrála ar gach rannóg. Is é an deichiú lá de Mhárta an dáta deireanach le haghaidh iontrálacha. Tá gach eolas faoin gcomórtas ar fáil ach ríomhphost a chur go dtí oifig@gaelscoileanna.ie. |
Fógra a dóSeo fógra ón mbrainse áitiúil de Chumann na Croise Deirge. Tá Cumann na Croise Deirge ag bailiú airgid chun cuidiú leis na daoine san Afraic atá ag fulaingt de bharr gorta. Beidh turas rothaíochta urraithe ar siúl ar an naoú lá de Bhealtaine. Turas tríocha míle a bheidh ann, ó lár an bhaile amach go dtí an Bóthar Buí agus ar ais. Beidh oíche eolais faoin turas rothaíochta seo ar siúl i halla na Pobalscoile oíche Dé Céadaoin seo chugainn. Tabharfar amach cártaí urraíochta ar an oíche. Le bheith páirteach sa turas, ní mór do dhuine fiche cúig euro d'urraíocht a bhailiú. Úsáidfear an t-airgead ar iarrachtaí chun foinsí nua uisce a aimsiú i dtíortha na hAfraice. In airde ar do rothar leat, le cuidiú leis an gcúis mhaith seo. |
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid B.
Comhrá a haon
|
Comhrá a dó
|
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid C.
Píosa a haonBhí slua mór i láthair in Óstán Jackson aréir nuair a seoladh blianiris Dhún na nGall. 160 leathanach atá sa bhlianiris seo agus clúdaíonn sí go leor gnó de shaol an chontae. Tá altanna ann ar stair, ar sheandálaíocht agus ar iascaireacht an chontae. B'é an peileadóir contae Rory Kavanagh a rinne an seoladh. Ar ndóigh, bhí baint ag Rory agus a chomhimreoirí le casadh mór eile i stair Dhún na nGall Meán Fómhair seo caite. Bhuaigh siad Craobh na hÉireann don chéad uair ón bhliain 1992. Seans maith go mbeidh cuntas ar éacht Rory agus ar fhoireann an chontae le léamh sa bhlianiris sna blianta amach romhainn. Tá cóip na bliana seo ar díol i siopaí leabhair ar fud an chontae ar phraghas €5.20. |
Píosa a dóBhí aonach na Nollag ar siúl Dé Domhnaigh seo caite i gCúil Aodha i nGaeltacht Mhúscraí. B'í seo an dara bliain a bhí an t-aonach seo ann. Is é Comharchumann Forbartha Mhúscraí a eagraíonn an ócáid. Bíonn seans ag an bpobal earraí a dhéantar go háitiúil a cheannach ar an aonach. Bhí cístí, seacláid, seodra agus ealaín ar díol ar na seastáin i mbliana. Bhain páistí Mhúscraí an-taitneamh as cuairt Dhaidí na Nollag nuair a tháinig sé ar leathuair tar éis a trí. Bliain ghnóthach is ea 2013 i gceantar Chúil Aodha. Tá Cór Chúil Aodha ag ceiliúradh mar go bhfuil sé caoga bliain ó bunaíodh é. Tá dlúthcheirnín nua seolta ag an gcór agus tá go leor imeachtaí ar siúl faoi láthair mar chuid den cheiliúradh. |