Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid A.
Fógra a haonFáilte isteach tráthnóna, a éisteoirí, go Raidió na Gaeltachta. Tá sibh ag éisteacht leis an gclár Fógraí an Deiscirt. Tagann an chéad fhógra tráthnóna ó Ollscoil Luimní. Tá Ollscoil Luimní ag lorg rúnaí i Roinn na Gaeilge. Ar na cáilíochtaí atá riachtanach don phost seo, tá ard-scileanna ríomhaireachta, taithí cúig bliana ar obair oifige agus Gaeilge líofa. Is é an tuarastal ná €20000 sa bhliain. Beidh ocht lá dhéag de laethanta saoire le fáil. Mairfidh an lá oibre ón a 9 ar maidin go dtí 5:30 tráthnóna. Tá gach eolas faoin bpost seo le fáil ag www.ul.ie nó trí ghlaoch a chur ar an uimhir 061 92917. |
Fógra a dóSeo fógra ó TG4. Tosóidh sceideal spóirt an tsamhraidh ar TG4 Dé Luain seo chugainn. Beidh Corn an Domhain sa sacar ar siúl sa Bhraisíl sa samhradh. Tosóidh sé ar an dara lá déag de mhí an Mheithimh. Craolfar clár speisialta Sacar an Lae ar 6:30 gach tráthnóna a fhad agus a bheidh Corn an Domhain ar siúl. Beidh tuairiscí, torthaí agus anailís ar chluichí móra an lae ar an gclár. Chomh maith leis sin, cuirfear tús le comórtas leadóige Wimbledon Dé Luain an tríú lá is fichead de Mheithimh. Beidh na cluichí móra ar fad á gcraoladh beo as Wimbledon ón a haon a chlog gach lá. Bígí linn! |
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid B.
Comhrá a haon
|
Comhrá a dó
|
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid C.
Píosa a haonBliain speisialta ab ea 2013 don stáisiún raidió, Raidió na Life. Bhí muintir Raidió na Life ag ceiliúradh mar bhí an stáisiún fiche bliain ar an aer. Stáisiún raidió pobail is ea Raidió na Life a thosaigh ag craoladh i Meán Fómhair 1993. Tá sé dírithe ar phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus ar fud chúige Laighean. Craoltar meascán maith clár ar an stáisiún: nuacht, ceol, spórt agus caint. Tá moladh mór ag dul do Raidió na Life mar braitheann an stáisiún cuid mhaith ar oibrithe páirt-aimseartha deonacha. Mar aitheantas ar an stádas atá bainte amach ag Raidió na Life, bronnadh gradam Stáisiún Raidió na Bliana air ag Féile na Meáin Ceilteach in 2013. |
Píosa a dóDé hAoine seo caite, d’imigh tríocha mac léinn as Coláiste na hOllscoile Corcaigh le mí a chaitheamh ag obair go deonach ar na hoileáin Fhilipíneacha. Beidh na mic léinn ag obair le comhlacht tógála áitiúil ag tógáil tithe. Scriosadh a lán tithe ar na hoileáin i 2013 nuair a bhuail tíofún ollmhór an ceantar agus fágadh a lán daoine gan dídean. Bhí feachtas bailiithe airgid ag na mic léinn san ollscoil le tamall anuas le hairgead a bhailiú don tionscnamh tógála. D’eagraigh siad a lán imeachtaí éagsúla: maidin caife, seó faisin, tráth na gceist agus seó tallainne. Tá seic €10000 le tabhairt acu don obair thógála. Ádh mór orthu. |