Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid A.
Fógra a haonSeo fógra ó Údarás na Gaeltachta. Tá Údarás na Gaeltachta ag lorg duine do phost mar Oifigeach Chaitheamh Aimsire. Beidh an duine a cheapfar ar dualgas i nGaeltacht Chiarraí, in áiteanna mar Cheann Trá, Baile na nGall agus an Buailtín. Beidh sé nó sí ag eagrú siúlóidí sa cheantar. Beidh obair phoiblíochta le déanamh freisin. Is gá sáreolas a bheith ag an duine a cheapfar ar Ghaeltacht Chiarraí agus ar stair na háite. Tá Gaeilge líofa riachtanach chomh maith. Cuir iarratas agus C.V. chuig an Rúnaí, Coiste Forbartha na Gaeltachta, Trá Lí, Co. Chiarraí. |
Fógra a dóSeo fógra ó Fhoras na Gaeilge. Tá Foras na Gaeilge bródúil as a bheith páirteach i gcéim mhór eile i gcur chun cinn na Gaeilge. Beidh foclóir nua Béarla-Gaeilge á sheoladh in oifigí an Fhorais i mBaile Átha Cliath ar an gCéadaoin seo chugainn. Foclóir é seo a rinneadh go speisialta don fhón póca. Is i bpáirt leis an gcomhlacht teicneolaíochta 'Seol – Maith thú!' a cuireadh an foclóir nua seo le chéile. Beidh aistriúchán ar 12,000 téarma ó Bhéarla go Gaeilge san fhoclóir. Is féidir an foclóir a íoslódáil chuig do fhón póca ar chostas €5 ach dul chuig an suíomh idirlín focalgaeilge.ie agus na treoracha ansin a leanúint. Tá moladh mór faighte ag an bhfoclóir ó na múinteoirí a bhain triail as. |
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid B.
Comhrá a haon
|
Comhrá a dó
|
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid C.
Píosa a haonTugadh onóir do Pheadar Mac Suibhne, an dochtúir áitiúil, ag ócáid mhór ar an Chlochán Liath an tseachtain seo caite. Tháinig slua mór daoine le chéile le ceiliúradh a dhéanamh ar an dá scór bliain atá caite ag Peadar ag obair in otharlann an Chlocháin Léith. Tháinig Peadar go dtí an Clochán Liath i 1971 mar ionadaí don dochtúir a bhí ann ag an am agus tá sé ann ó shin. I dtús ama bhíodh a chuid clinicí ar siúl aige in Anagaire agus ina theach cónaithe.Le blianta fada anois is san Ionad Sláinte in aice leis an otharlann atá na seomraí aige, rud atá an-oiriúnach do mhuintir na háite. |
Píosa a dóTá fear óg as an gCeathrú Rua, Ritchie Ó hEadhra, ceaptha mar oifigeach forbartha Gaeilge do Chontae Loch Garman. Is fear é Ritchie a bhfuil aithne mhaith air mar láithreoir clár teilifíse ar TG4. Tá sé i gceist ag Ó hEadhra clár imeachtaí Gaeilge a eagrú don Chontae. Beidh béim á leagan ar ranganna Gaeilge do dhaoine fásta, ar imeachtaí sóisialta trí Ghaeilge i mbailte agus i sráidbhailte an chontae, agus ar chlár ealaíne do dhaoine fásta agus do pháistí. Chomh maith leis sin, eagrófar Féile Ealaíne Loch Garman gach samhradh as seo amach. |