Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid A.
Fógra a haonTá sé fógartha ag Féile Scannán an Daingin go ndéanfar ceiliúradh speisialta ar an scannán 'Ryan's Daughter' le linn Féile na bliana seo, 2009. Beidh an Fhéile ar siúl sa Daingean idir an naoú lá déag agus an séú lá is fiche Meán Fómhair. Beidh an banaisteoir Sarah Miles ag freastal ar an bhféile. Ghlac Sarah páirt na hiníne sa scannán 'Ryan's Daughter', scannán a rinneadh in iarthar Chiarraí sna blianta 1968 agus '69. Tugtar an chreidiúint do 'Ryan's Daughter' gurbh é a chuir tús le tionscal na turasóireachta in iarthar Chiarraí. |
Fógra a dóSeo fógra ó Ghael Linn agus ó RTÉ Raidió 1. Beidh quizchlár nua seachtainiúil Gaeilge dar teideal 'Buille Faoi Thuairim' ag tosú ar RTÉ Raidió 1 mí na Samhna seo chugainn. Is í Aoife Ní Chofaigh a chuirfidh an clár i láthair. Is iad Foras na Gaeilge agus Gael Linn a dhéanfaidh comh-urraíocht ar an gclár. Meascán de cheol traidisiúnta agus popcheol a bheidh á sheinm le linn an chláir, le ceisteanna don phobal ó am go ham. Éisteoir ar bith a ghlaonn isteach leis na freagraí cearta beidh sé nó sí i dteideal duais a fháil. Ar na duaiseanna a bhronnfar gach seachtain beidh t-léine RTÉ, fístéip, leabhar agus dlúthdhiosca. |
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid B.
Comhrá a haon
|
Comhrá a dó
|
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid C.
Píosa a haonTá Tomás Ó Murchú as na Gorta Dubha tar éis bád iascaigh nua a cheannach. I La Rochelle na Fraince a cheannaigh sé an bád seo agus seolfaidh sé go dtí an Daingean go luath é. Seo é an dara bád a bheidh ag Tomás mar go bhfuil an bád cáiliúil 'Trasna na dTonnta' aige cheana féin. Tá sé ar intinn ag Tomás 'Úna Bhán' a chur mar ainm ar an mbád nua. Tá an bád nua seo seachtó a sé troigh ar fad agus chosain sé a haon ponc a haon milliún euro. Cé go bhfuil deacrachtaí móra ag iascairí faoi láthair maidir le costas breosla agus cuótaí iasc, tá dóchas ag Tomás go mbeidh rath ar an iascaireacht go luath arís. |
Píosa a dóBeidh scór post nua á gcur ar fáil ar an Chlochán Liath roimh dheireadh na bliana seo. Is in ollmhargadh nua a osclóidh Comharchumann an Chlocháin Léith a bheidh cúig cinn déag de na poist seo. Beidh cúig cinn eile á gcur ar fáil in ionad gnó nua a bheidh suite in aice an ollmhargaidh. Bunaíodh Comharchumann an Chlocháin Léith sa bhliain 1906 agus tá an pobal ag baint leasa as ó shin. Faoi láthair tá brainsí éagsúla an Chomharchumainn ar fud an Iarthuaiscirt agus 120 duine ar fad fostaithe ann. |